Home Culture Provocateurs Coilíneacha: An Ghaeilge agus na Cogaí Cultúir
Colonial Provocateurs: The Irish Language Culture Wars An Ghaeilge

Provocateurs Coilíneacha: An Ghaeilge agus na Cogaí Cultúir

Agus Aontachtóirí ag díriú aird ar an Ghaeilge arís ó thuaidh, pléann Somhairle Mag Uidhir cumhacht na polaitíochta aicmí dul i ngleic leis an chogadh cultúir atá uathu.

by Somhairle Mag Uidhir

You can read this article in English here.

“If a white man wants to lynch me, that’s his problem. If he’s got the power to lynch me, that’s my problem.”

De réir na dtuairiscí, sin a dúirt Kwame Ture, gníomhaí de chuid na gluaiseachta Black Power, tráth. Tá difear an domhain ann idir an cos ar bolg a imríodh ar an phobal dubh sna Stáit Aontaithe agus agus cás Ghaeilgeoirí an Tuaiscirt sa lá inniu. Ach cé go raibh Ture ag labhairt leis an phobal dubh, bhí sé ag díriú ar cheisteanna deacra a mbíonn ar achan ghrúpa mionlaithe plé leo: cad é atá os ár gcomhair agus cad é an freagra s’againn air?

Ó chúrsaí maoinithe go cúrsaí comharthaíochta, tá aird á díriú arís ar an Ghaeilge ó thuaidh, go háirithe agus méadú tagtha ar iarrachtaí na nAontachtaithe srian a chur le cearta teanga. Tá sé mar sprioc agam san alt seo cur leis an tuigbheáil ar an leagan is déanaí seo den dáighe Aontachtach – agus ar an dóigh ar chóir dúinn cur ina coinne.

 

Géarchéim an Aontachtais

Tá fadhb ag an Aontachtas. Sa ré seo i dTuaisceart na hÉireann, ré iar-longchlóis, iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta, gan an leatrom eacnamaíoch agus an phátrúnacht chuí a chuireadh an Stát Oráisteach ar fáil, ní féidir leis an Aontachtas talamh slán a dhéanamh den bhunús eacnamaíoch a chuidíodh leo a gcuid tacadóirí lucht oibre a choinneáil ar bord, san am a d’imigh. Dá bharr, tá orthu dul i muinín bhualadh an druma sheictigh arís eile le hiarracht a dhéanamh an sciar sin a choinneáil dílis. Mar sin féin, tá baint dhíreach ag an deighilteachas sin le dul in éag an tionscadail pholaitiúil seo sa lá inniu, tionscadal polaitiúil a bhíodh in airde réim uair den tsaol.

Tá an tAontachas ag cailleadh neart dá lucht tacaíochta agus go leor den aos óg agus den aos mheasartha ag aistriú a dtacaíochta go dtí Páirtí na Comhghuaillíochta. Caithfidh siad na fórsaí dílseacha a shásamh (nó tá sin riachtanach le toghcháin a bhaint) ach an dóigh chun é sin a dhéanamh, cuireann sé dlús leis an fháinne fí a bhfuil an tAontachtas trí chéile gafa ann. Sin é an chruacheist straitéiseach atá ag crá an DUP le blianta beaga anuas; géarchéim orgánach an Aontachtais is ea é.

 

Cogaí Cultúir

Úsáid a bhaint as lámhleabhar na gcogaí cultúir leis an tseicteachas, an ciníochas, an gnéasachas, an trasfhóibe srl. a chur chun cinn, sin é an straitéis a bheas ag an DUP le lucht leanúna atá ag laghdú a chaomhnú. Agus ó thaobh na hEite Deise de, is trí mhaíomh go bhfuiltear á gcailleadh a bhuaitear na cogaí cultúir.

Ar fud na cruinne, tá an Eite Dheas nua callánach, fiáin, mí-ionraic, biogóideach – agus tá siad ar an ionsaí. Tagann siad i dtír ar an choimhthíos agus ar an éiginnteacht eacnamaíoch a mhothaíonn an gnáthdhuine is atá ag neartú i rith an ama. Fearg cheart na cosmhuintire faoin chóras fhíoréagothrom, déantar sin a mhíthreorú, d’aon turas, ar inimircigh, ar dhaoine nach den chine gheal iad, ar mhná agus ar an phobal bhídeach tras.

An príomhghléas troda ina n-armlann idé-eolaíoch? A chur in iúl gur íospartaigh iad. De réir an scéil, an mhiotais, atá cumtha acu, tá gobán á chur i ngrúpaí sóisialta a mbíodh an lámh in uachtar acu (fir, daoine geala, heitrighnéasaigh, srl.)[1] I leagan s’acusan, tá an-drochbhail ar an tsochaí chan mar gheall ar an chaipitleachas, ach de bharr go bhfuil ‘gnáthnoirm’ inscne, ghnéasacha agus chiníocha curtha as a riocht.

Sa tslí chéanna, cáintear corparáidí as a bheith ‘ag dul woke’ in ionad iad a cháineadh as a bheith ag íoc pá bochtaineachta. Déantar ionsaí ar an stát as a bheith ag cur ar fáil beagán ceart, saothraithe le dua, do ghrúpaí faoi chois in ionad iad a ionsaí as a bheith ag ciorrú seirbhísí go fíochmhar. Tugtar ‘camscéim’ go dímheasúil ar an phaindéim – ‘scamdemic’ – ach ní thugtar aon aghaidh ar an ollteip chórasach a thug tús áite do bhrabús na gcomhlachtaí móra ar shláinte an phobail.

Déanann an Eite Dheas ceap milleáin de mhionlaigh nó cosnaíonn sin an córas eacnamaíochta ar aon fhíorcháineadh. Chomh maith leis sin, cruthaíonn sé troid bhreágach leis an eite sin den bhunaíocht atá níos liobrálaigh, rud a ligeann don Eite Dheas nua cuma ‘na gceannairceach’ a chur orthu féin.

An cur chuige sin – cur chuige a thug an Marxach Gréagach Nicos Poulantzas  ‘frithchaipitleachas status-quo’ air – is cur chuige cumhachtach é go díreach de bhrí go mbaineann sé leas as an dóigh a mbrúisceann rotha mór an chaipitleachais sciar mór den phobal, as an dóigh a mbíonn an bhunaíocht liobrálach comhpháirteach i gcruthú na gcoinníollacha crua sin, agus go háirithe, as an dóigh nach gcuireann an liobrálachas féin aon chosaint éifeachtach ar fáil ar eite dheas antoisceach atá ag fás.

 

Costas Builín

Is soiléir tarraingt thaicticí ‘na gcogaí cultúir’ don Aontachtas ceartchreidmheach. Tá laethanta an daorsmachta thart agus mar a mhínigh Bernadette McAliskey i 2016:

“[the] sense in the loyalist community is that they actually lost. They lost to everybody despite unwavering loyalty to the regime, even to those who challenged it by force. The anger in loyalist communities is fueled by them still not having the price of a loaf and seeing Martin McGuinness up running the country.”

Ar ndóigh, níor thit an mothúchán sin ón spéir anuas. Rinne polaiteoirí aontachtacha agus bolscairí dílseacha é a chothú go gníomhach: an plota náisiúnach a thiontaigh an Tuaisceart ina “theach fuar” d’aontachtóirí; creimeadh na féiniúlachta ‘Briotanaí’, creimeadh “ár gcultúir”, srl.

Déanta na fírinne, mar atá leagtha amach ag Seán Mitchell, bhí sé mar chuid de straitéis a chuir David Trimble agus Aontachtóirí eile i bhfeidhm d’aon ghnó thart ar thréimhse Chomhaontú Aoine an Chéasta: “to recast Orangeism in terms of ‘identity’ and ‘culture’.” Straitéis áititheach a bhí ann:  “After all, sectarian triumphalism was one thing, but who could deny the right of someone to celebrate something as benign as their culture and identity?”

 

Molotovs Seicteacha

Sa ghearrthéarma, cibé toradh a bhíonn air, téann éileamh gríosóra dhílsigh ar chosc a chur ar chomharthaíocht Ghaeilge in Grand Central Station chun tairbhe an ghríosóra sin. Má éiríonn leo, cruthóidh siad gur marfóir éifeachtach an chrogaill ghlais iad. Má chailleann siad, is amhlaidh is mó a chothófar an meon léigir ar a maireann bolscaireacht na heite deise.[2]

Is dúshlán dáiríre é mar sin nuair a chaitheann an DUP a leithéid de molotov seicteach isteach sa dioscúrsa phoiblí. Ní féidir neamhaird a thabhairt ar an achrann nó ní in aicearracht a éireoidh an dílseachas eagraithe as an straitéis s’acu de bheith ag cur in éadan na Gaeilge.

Ach ba chóir dúinn a chuimhneamh go n-eascraíonn an straitéis sin as laige thionscadal an Aontachtais. Is léiriú é ar an bhunghéarchéim; iarracht chomhfhiosach atá ann le bonn taca dílseach, atá ag trá leis, a dhaingniú agus a radacú, in ionad bheith ag tabhairt faoi athghabháil an mhórcheannais pholaitiúil. Is féidir leis an ainmhí leonta greim a bhaint go fóill, ar ndóigh – ach cibé cé constaicí a chaitheann na cogaí cultúir seo aníos, níl siad dosháraithe.

 

Provocateurs Coilíneacha

I ndeireadh na dála, maireann soláthraithe fuatha na heite deise ar ocsaigin. Ní hé an chloch is mó ar an phaidrín acu i gcónaí deireadh a chur le tionscadal nó le reachtaíocht ar leith, nó is féidir úsáid a bhaint as aon teip mar fhianaise gur íospartaigh iad.

I dtaca le leithéidí Jamie Bryson, mar shampla, mar thoradh ar an chlúdach leathan a fhaigheann sé, is deacair neamhaird a thabhairt ar a chuid rámhaille seictí. Is cuspóir dúbailte an cuspóir atá romhainn mar sin de: níl de rogha againn ach léirscrios neamhthrócaireach a dhéanamh ar na barúlacha seicteacha frith-Ghaeilge sin atá fréamhaithe sa mhímhacántacht[3], agus ag an am chéanna caithfidh muid gach iarracht a dhéanamh tabhairt faoin sprioc sin ar bhealach a shéanfaidh an aird sin ar a maireann siad ar na provocateurs coilíneacha sin.

Tá orainn an bonn a bhaint de na tuairimí frith-Ghaeilge ar an eite dheas – iad a bhréagnú agus argóintí malartacha a chur ar fáil – agus muid, oiread agus is féidir linn, ag diúltú don chogadh cultúir atá á lorg ag na biogóidí sin. Ní bheidh sin i gcónaí furasta. Ní de thaisme a d’iompaigh na gaotairí seo ar an mhaslacht mar mhúnla dá gcuid polaitíochta; oibríonn sé nó cothaíonn sé fearg atá intuigthe.

Modh amháin chun sin a dhéanamh, áfach, ná féacháil le labhairt thart orthu – gan argóint a dhéanamh le Bryson ná le comhairleoir an DUP nó cibé, ach iarracht a dhéanamh cluasa le héisteacht lastall díobh a bhaint amach. Tá an cur chuige sin ag brath ar an tuairim chonspóideach gur féidir athrú a theacht ar mheon duine, nach gá don dearcadh sheicteach a bheith buan. Tá sé bunaithe ar an pholaitíocht aicmeach.

 

An Áit is Tréine an Dúshlán

Cé acu a chruthaíonn an caipitleachas féin iad, nó a fhágtar le huacht aige iad, tá an caipitleachas ríchumasach ag baint leas as deighiltí idir dhaoine lena chuid costas a choinneáil íseal agus a chuid brabús a choinneáil ard. Córas a thugann ar dhaoine dul san iomaíocht le haghaidh postanna, tithe agus na hacmhainní a bhíonn ag teastáil fá choinne saol fiúntach – is ionann a leithéid de chóras agus talamh méith d’aon idéolaíocht a chuireann an locht ar an ‘duine eile’. Neartaíonn bunaíochtaí polaitiúla na deighiltí sa tsochaí; in amanna, bíonn siad ag iarraidh lucht caipitil a choinneáil sásta, amanna eile, aithníonn siad gur féidir leo dul chun cinn a dhéanamh ach polaitíocht a chleachtadh den chineál a chothaíonn cath idir ‘muidinne’ agus ‘iadsan’. Is uirlis amháin é an seicteachas le scoilt sa chosmhuintir a spreagadh.

Leanann ráiteas Kwame Ture ag barr an ailt seo ar aghaidh:

“If a white man wants to lynch me, that’s his problem. If he’s got the power to lynch me, that’s my problem. Racism is not a question of attitude; it’s a question of power. Racism gets its power from capitalism. Thus, if you’re anti-racist, whether you know it or not, you must be anti-capitalist. The power for racism, the power for sexism, comes from capitalism, not an attitude.”

 Is róshimpliú é a rá gur táirge é an seicteachas – nó an ciníochas, an gnéasachas, an trasfóibe, srl. – de chuid an chaipitleachais amháin. Ach cibé cén cruth a bhíonn ar ár gcuid streachailtí in éadán na n-éagóracha sin, impíonn Kwame Ture orainn go mbeadh cur i gcoinne an chaipitleachais fite fuaite ann.

I gcúinsí éagsúla, tháinig Máirtín Ó Cadhain ar conchlúid den chineál chéanna: “Sé dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh,” ar sé ina óráid chlúiteach, Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar Strae. Lean sé air le hiarratas ar ghníomhaithe Gaeilge go neadódh siad iad féin i ngluaiseachtaí frithchaipitlíocha, i ngluaiseachtaí chun pobail faoi leatrom a chosaint, cibé áit a dtiocfadh a leithéid chun cinn:

“An áit is tréine an agóid bíodh an póistéara Gaeilge le feiceáil agus an gháir Ghaeilge le cloisteáil. An áit is tréine an dúshlán in aghaidh an rachmais, in aghaidh na héagóra, ar son na bhfann agus na mbocht, bíodh fáinne Gaeilge an Choirnéil le feiceáil.”

Cén bhaint atá aige seo le gluaiseacht na Gaeilge inniu? An sóisialachas a chur i gcroílár ár gcuid feachtasaíochta teanga, tá sé sin an-tábhachtach ó thaobh trí thasc ghaolmhara atá os ár gcomhair inniu: a chinntiú go bhfaigheann muid na hacmhainní atá riachtanach leis an athbheochan teanga a choinneáil ag dul; an deis a shéanadh ar ‘ghaiscí dílseacha na gcogaí cultúir’ cearta teanga a chur in adharca le fíorfhadhbanna eile inár sochaí; na barúlacha seicteacha a d’fhéadfadh bheith ag daoine ar an Ghaeilge a bhriseadh síos.

 

Athbheochan Teanga agus an Pholaitíocht Aicmeach

Tá ag éirí go héifeachtach leis an Aontachtas bonn tacaíochta s’acu a choinneáil ar bord agus iad ag maíomh gurb é is cúis leis an éagothromas agus leis na géarchéimeanna inár gcuid seirbhísi poiblí ná gur Aontachtóirí atá thíos le leagan amach Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Arís is arís eile, baintear feidhm as an argóint sin le cur in aghaidh bearta Gaeilge (“Níor chóir dúinn airgead a chaitheamh ar chomharthaí Gaeilge agus an NHS ina chiolar chiot” srl.). Bolscaireacht de chuid na gcogaí cultúir é a leithéid, ach muna dtéann tú go ródhomhain isteach sa scéal tá creidiúnacht éigin ag baint leis go díreach de thairbhe go bhfuil seirbhísí poiblí in áit thubaisteach. Beag beann ar an chomhthéacs dhúshlánach sin, áfach, ní féidir an bonn a bhaint ón lucht seicteach, mímhacánta sin trí cuma na measarthachta a chur ar ár gcuid éileamh. Iad siúd nach suim leo an díospóireacht réasúnach, ní féidir iad a shuaimhniú.

Ina theannta sin, tá obair dhaonna ag teastáil ó aon athbheochan teanga: múinteoirí, foirne tacaíochta, oibrithe pobail, aistritheoirí, pleanálaithe teanga, oibrithe óige, agus i bhfad Éireann níos mó. Agus níl ansin ach na sainoibrithe teanga. I ndeireadh na dála, tá na gnáthsheirbhísí a chuirtear ar fáil sa tsochaí de dhíth orainn trí mheán na teanga mionlaithe. Cosnaíonn sin uilig airgead. Ar ndóigh, is mún dreoilín san fharraige é an méid a chaitear ar an Ghaeilge, go háirithe ar chomharthaí, i gcompráid le buiséad an NHS achan bhliain. Ach is mór iad na hacmhainní atá de dhíth orainn le freastal ceart a dhéanamh ar fhás phobal na Gaeilge ó thuaidh, agus ná bíodh aiféaltas orainn é sin a rá.

In ionad beag a dhéanamh dár gcuid éileamh, tá orainn argóintí ar son cearta teanga a nascadh le cosaint dhiongbháilte ar na seirbhísí agus ar na hacmhainní céanna sin a ba mhaith linn a bheith ar fáil i nGaeilge. Ba chóir go mbeadh lucht na Gaeilge luaite go ríshonrach le caomhnú na seirbhísí poiblí, le feachtais a éilíonn cúram maith sláinte, tithíocht agus an soláthar sóisialta ar fad atá tuillte ag an chosmhuintir. Níor chóir go gcloífeadh muid leis an dátheangachas a éileamh in otharlanna atá faoi bhrú, in ollscoileanna atá tachtaithe ag an mhargadh, nó ar chórais iompair atá ag iarraidh níos costasaí agus níos costasaí. Ina ionad sin, aithnímis an scrios atá déanta ar sheirbhísí ag blianta fada déine agus easpa maoinithe, agus an damáiste a dhéanann sin don teanga chomh maith.

Sin an chiall atá leis an pholaitíocht aicmeach: ag snaidhmeadh le chéile éilimh eacnamaíocha agus éilimh ‘shóisialta’ ar nós cearta teanga nó frithchiníochas nó cosaint an phobail tras. Agus is ag polaitíocht aicmeach den chinéal sin a bhfuil cumas ar leith labhairt thart ar na cogaí cultúir gan orlach dár n-éileamh teanga a ghéilleadh. Tá an pointe deireanach sin ríthábhachtach. Mar atá ráite ag Barney Doherty ina sháralt ar na mallaibh faoin frithchiníochas in Éirinn, ní féidir loiceadh faoi bhrú na heite deise. Tá ar an eite chlé an fód a sheasamh ar cheist na hinimirce, ar chearta tras, agus go deimhin, ar chearta teanga.

Agus cé go bhfuil an t-alt seo dírithe ar an Tuaisceart – nó baineann sé lenár bhfreagra ar an Aontachtas – san aois ina bhfuil muid, le Gaeltachtaí ag cúlú agus géarchéim mhór tithíochta i measc neart olc ó dheas, tá ceist an airgid agus na seirbhísí atá de dhíth le pobail éagsúla na teanga a chosaint agus a fhorbairt i lár an aonaigh fud fad na tíre. An Caipitleachas agus a thart íota nach féidir a chloí ach le brabús agus tuilleadh brabúis, is ionann é agus baol eiseach do mhionteangacha ar fud an domhain, bíodh an aicme pholaitiúil ina nAontachtaithe nó ná bíodh.[4] I gcás na Gaeilge, is fadhb uile-Éireann é a mbeidh a fuascailt le fáil sa tsóisialachas uile-Éireann sa deireadh thiar.

 

Móraimh a Bhaint

Tá géarghá leis an bhéim straitéiseach thuas chun tacaíocht don athbheochan a chothú fosta. I dtaca le gach gluaiseacht, is féidir an mórphobal a scaradh ina thrí champa. Tá siad siúd ann atá go huile is go hiomlán ar do thaobhsa; tá siad siúd ann atá go láidir i d’éadan; agus sa tríú campa, bíonn, de ghnáth, móramh den phobal, iad áit éigin idir eatarthu, le meascán barúlacha agus tuairimí a bhíonn ag teacht salach ar a chéile.

Ó thuaidh, i 2017, d’éirigh le gluaiseacht na Gaeilge an dream sin a bhí linn a spreagadh agus a fhás, beaguchtach a chur ar an lucht sheicteach frith-Ghaeilge, agus dul chun cinn ríthábhachtach a dhéanamh i measc an tríú grúpa.

Mar pháirt den tríú grúpa sin, bhí codanna den sciar sin ó thuaidh nach samhlaíonn iad féin mar ‘ghlas’ nó ‘oráiste’ ar minic iad caite isteach go garbh le lucht vótála Alliance – sciar atá ag fás. Agus bhí daoine ann a mbíodh, b’fhéidir, barúlacha leathaineolacha nó idirdhealaitheacha i leith na teanga acu tráth.

Sa tríú baicle sin fosta, bhí cuid shuntasach den phobal náisiúnach. Seo daoine nach mbeadh aon naimhdeas acu don Ghaeilge, ach nach mbeadh spreagtha ag ceist na teanga nó nach mbeadh an tuigbheáil acu ar an ghéarghá le tabhairt faoi chearta teanga a chosaint. Bhí sé riachtanach, ó thaobh an dul chun tosaigh a rinne muid le blianta beaga anuas agus seasamh feabhsaithe na Gaeilge i sochaí shibhialta an tuaiscirt inniu de, go ndeachaigh muid i bhfeidhm ar na rannóga éagsúla sin den tríú campa.

Níl aon mhóramh greanta i gcloch, áfach. Is gá i gcónaí troid ar a son, athnuachan a dhéanamh orthu. Sa bhreis ar na fáthanna luaite cheana féin, baineann tábhacht an chur chuige shóisialaigh do cheist na teanga leis an mhóramh neamhchleamhnaithe sin, a bhfuil éagsúlacht pholaitiúl ann, a mhealladh chuig ár dtaobhna arís is arís eile.

Agus ná bímis réchúiseach agus ná bímis den bharúil go mbaineann an pheirspictíocht sin leo siúd amháin a dtagann as ceantair nach ceantair náisiúnacha iad. Tá rudaí go dona amuigh ansin; tá borradh faoin chiníochas, agus ní hamháin i gceantair dhílseacha, in ainneoin a maíodh go minic. Is measa i bhfad cúrsaí eacnamaíocht ná mar a bhí fiú amháin i 2017. Ní dhéanfaidh sé maitheas do phobal na Gaeilge, ag deireadh an lae, más rud é, taobh le tuilleadh infheistíochta sa bheart Gaeilge seo nó siúd, go leantar le hídiú na seirbhísí pobail agus na líontán sábhála ar a mbíonn daoine ag brath. Ba chóir fosta go mbeadh polaiteoirí náisiúnacha ar a n-airdeall go bhféadfaí cur as d’ábhar tacadóirí Gaeilge agus soiniciúlacht ag méadú faoi fhéinphiceanna gealgháireacha in aice le comharthaí sráide dátheangacha fhad is atá an drochbhail ar na sráideanna sin agus ar phobail na sráideanna sin ag dul in olcas.

Le bheith soiléir, cé acu comharthaí nó seirbhísí iomlána dátheangacha atá i gceist, tá bonn cirt teangeolaíoch, polaitiúil agus morálta faoin éileamh ar chearta Gaeilge. Ach ní bhréagnaíonn sin an fhíric go bhfuil rogha os comhair phobal na Gaeilge. An dtroidfidh muid fá choinne cearta teanga i sadhlann teanga, scoite amach ón mhórshochaí ina maireann an chosmhuintir, Gaeilgeoir agus neamhGhaeilgeoir beirt? Nó an ndéanfaidh muid gach iarracht an feachtas lenár gcuid seirbhísí a Ghaelú a nascadh le caighdeán na seirbhísí céanna, ár bhfís le haghaidh saol trí Ghaeilge a cheangal le fís don tsaol inar féidir leis an chosmhuintir maireachtáil le fíordhínit saor ó ghreim docht daingean an chórais chaipitlíoch?

 

Buinneoga an Athraithe

Tá insint cheannasach ann a ndéanann an bhunaíocht i Londain, Baile Átha Cliath agus Béal Feirste a mhór dó. Maíonn sé go bhfuil an seicteachas daingnithe, mar a bheadh moileasc fáiscthe le hinchinní na ndaoine ann, é chomh trom sin nárbh fhéidir le Fionn Mac Cumhaill féin é a bhogadh as áit.

A luaithe is ghlactar leis go bhfuil an seicteachas, nó aon dearcadh frithghníomhach ar nós an chiníochais nó an ghnéasachais, docht, níl aon ghá bunús sóisialta, polaitiúil agus eacnamaíoch an dearcaidh sin a cheistiú. Fágann sé sin nach mbíonn an bhochtaineacht ná an coimhthíos san áireamh sa scéal. Sa léamh sin, an t-aon rud atá tábhachtach do dhaoine i bpobail dhílseacha ná leath amháin de phointe McAliskey thuas: go bhfuil Sinn Féin “thuas ag reáchtáil na tíre”; ní bhaineann sé le hábhar “nach bhfuil praghas builín” ag daoine.

Go forleathan ina lá féin, chaith Marx neart dá chuid ama i mbun argóna in éadan na hidéolaíochta coimeádaí a deir go bhfuil tuairimí frithghníomhacha dobhogtha. Tá sé coimeádach nó fágann sé an scothaicme cheannais saor ó locht ainneoin gurb iad atá freagrach as scaipeadh na mbarúlacha frithghníomhacha sin, agus fréamhaíonn sé na deighiltí sin atá muid ag iarraidh a shárú.

Scríobh Marx arís is arís faoi smaointe an duine daonna, go bhfuil siad corrach somhúnlaithe mar go bhfuil siad an-fhreagrúil do ghnáthchoinníollacha saoil an duine, agus mar a ghníomhaíonn muid chun iad a athrú. ‘It is not the consciousness of humans which determines what they do, but what they do which determines their consciousness.’

I 2019, chuaigh oibrithe Harland and Wolff ar stailc le postanna a shábháil. D’eagraigh siad agóid ag Stormont ag an am chéanna le ceann a bhí eagraithe ag an Dream Dearg. Léirigh na Gaeilgeoirí tacaíocht do na hoibrithe ar stailc. Sna sála air sin, d’iarr na hoibrithe aistriúchán go Gaeilge ar mhana dá gcuid agus thug faoi é a scairteadh amach fríd a meigeafón.

I mí Bealtaine 2023, bhí seirbhísí óige ar fud an tuaiscirt i mbaol de dheasca chiorruithe fíochmhara na dTóraithe. D’imir gníomhaithe Gaeilge ról tábhachtach san fheachtas ina gcoinne, agus nuair a scairteadh amach roisc frithchiorruithe ón ardán i nGaeilge ag léirsiú i lár chathair Bhéal Feirste, ghlac oibrithe óige ó cheantar láidir dílseach páirt i nGaeilge.

Ní hionann an méid sin thuas agus a rá gur cloíodh an seicteachas sna cásanna gearrshaolacha sin. Gan amhras, daoine a deir rud amháin lá amháin is féidir leo a mhalairt a rá an lá dár gcionn. Ach mar sin féin, is samplaí suntasacha iad den dlúthpháirtíocht aicmeach ag oscailt an dorais, ar feadh scaithimhín, do thacaíocht don teanga ó dhaoine a mbeifí ag súil, agus comhthéacs stairiúil s’againn san áireamh, lena mhalairt uathu.

Níos líonmhaire ná mar a thugtar le fios dúinn atá buinneoga sin na dlúthpháirtíochta agus is orainne atá sé iad a chothú. Leoga, ó thaobh dhearcadh na bunaíochta de, b’fhearr na féidearthachtaí sin a chaitheamh i dtraipisí ar eagla go dtiocfaimis ar an fhírinne chontúirteach: gur streachailt aontaithe ón bhonn aníos a ghlanfaidh clábar na n-aoiseanna den bhóthar a bhéarfaidh chun na saoirse comhchoitinne muid.

You can read this article in English here.

 


 

[1] Gan amhras, tá athrú tagtha ar chúrsaí i dtaca le grúpaí faoi chois de i gcomparáid le glúin nó dhó ó shin. Ach is seafóideach an maíomh go bhfuil fíor-chomhionannas bainte amach ag mná, ag daoine de dhath, ag an phobal LADTA+, srl.

[2] Ar ndóigh, mar atá luaite thuas, is straitéis ghearrthréimhseach é don Aontachtas cheartcreidmheach nó géaraíonn sé buan-ghéarchéim an Aontachtais.

[3] Níl seicteachas i leith na Gaeilge i gcónaí mímhacánta. Is féidir leis a bheith mar thoradh ar aineolas agus ar thosca eile. Is gá gach iarracht a dhéanamh idirdhealú a dhéanamh idir na fáthanna éagsúla a ghineann briathra agus bearta frith-Ghaeilge, agus freagra s’againne orthu a mhúnlú dá réir..

[4] Comhdhéanamh na haicme polaitiúla – bíodh sé faoi cheannas Aontachtóirí mar a bhí sa Stát Oráisteach, faoi cheannas ionadaithe an chaipitleachais Éireannaigh mar atá ó dheas, nó faoi cheannas meascán éigin den dá rud mar atá sa stát ó thuaidh inniu – déanfaidh comhdhéanamh na haicme sin eolas do na straitéisí is taicticí ar leith a bheas de dhíth orainn inár streachailtí teanga. Ach a fhad is a mhaireann muid faoi chóras caipitlíoch de shaghas ar bith, beidh streachailt teanga riachtanach i gcónaí.

You may also like

Leave a Comment

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

This website uses cookies to improve your experience. We'll assume you're ok with this, but you can opt-out if you wish. Accept Read More

Privacy & Cookies Policy